Útóipe Eorpach

Cén fáth an Ghréig? Tá nasc éigin eadarinn, is dócha… Mothaím dlúthcheangailt idir mé féin agus an Ghréig, cé nár thug mé cuairt uirthi riamh cheana. Tá cosúileachtaí eadarainn, áfach, a chintíonn an ghaol sin i mo cheannsa — cosúileachtaí níos súntasach ná sinn beirt a bheith mar bhaill den Aontas Eorpach. Fadhbanna airgeadais, mar shampla; níl an t-uafás airgid ag ceachtar againn. Taobh thiar den fadhb comónta sin, áfach, luíonn ábhar níos tromchúiseach agus níos comóntaí fós — ábhar a bhaineann le féiniúlacht pearsanta agus le comhluadar, agus conas gur féidir an dá ghné ghaolmhara sin a fhorbairt le chéile nuair is iomaí coimhlint a fhásann eatarthu. Tá fís dóchasach againn beirt, mar shampla, cén saghas comhphobail a d’fhéadfadh a bheith san Aontas Eorpach… Pobal breá bríomhar a fhásann de réir cumhacht a chuid briathra agus cumas cumarsáide, ní de réir an tréan lámh cogaidh ná eacnamaíoch a bheith in uachtar anseo nó ansiúd… Ach an mbainfimis an radharc sibhialta sin amach, nó an teipfidh leis an grúpa? Níl aon freagra éasca ar an gceist sin. Is léir go bhfuil turas fada ós ár gcomhair amach…

Seo chugainn beirt anois talún úr na tire móra, an Bhreatain Bheag — an chéad céim ar an turas ó BÁC chun chathair na hAithne — agus í ag síneadh amach cuireadh dúinn aithne a chur uirthi — gealltanas, cogar, rún. Ar chos, ar rothaí, le h-ádh mór nó gan é, cuirfimid aithne ar a chéile gan mhoill. Isteach linn sa phort agus amach linn ón mbád — mé féin agus an chréatur clúmhnach 20kg, Brambles, taobh cois. Fuadar fúinn imeacht áit éigean sa domhan neamhrialta, aisteach seo ina mhairimid agus roinnt ciall a bhaint as nó a chruthú de, más gá. Thosnaíomar amach ón bport i mBÁC go Holyhead. Anois, ós ár gcomhair amach, luíonn breis agus 4,000 km chuig an Ghréig. Sroichfimid chathair na hAithne amach slí amháin nó slí eile — ag tógáil síobanna saor in aisce, an ordóg sínte amach taobh bhothair — nó dul ar traenacha, busanna, móipéidí, cibé rud — gan a bheith i mo shuí sa bhaile mar bhall den lucht féachana ag trácht ar seo nó siúd go chaoin sotalach, ag gabháil slán, b’fhéidir, don seans deireanach ag imeacht uainn go deo agus muid ar bhord Titanic ár linne; an domhan caipitleach seo ina mhairimid… is léir gur chaith muid tréimhse maith ama — mar sochaí — ag tiomáint gan tiománaí. Chuireamar muinín i gcóras eacnamaíoch éigean nach raibh faoi chúram duine ar bith. Chreideamar sa ‘Mhargadh’ — in eacnamaíocht dall, uile-chumhachtach… Agus ba thubastach ar fad iad na torthaí. Tá sé thar am dúinn cumhacht a tharraingt thar n-ais dúinn féin anois, smacht a ghlacadh ar ár dtodhchaí féin, ar threo ár sochaí — gan í a bheith leagtha amach roimh ré dúinn ag stiúrthóirí agus saineolaithe maorlathach sa Bhruiséil, nó ag lucht mórchúiseach gnó faoi chúram an 1%… Agus b’fheidir go mbeidh deis anseo againn tabhairt faoin éacht sin agus lucht Syriza sa Ghréig ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhb an fiachais, seachas glacadh go réidh le modh (i gcónaí) ‘éigeandála’ an Troika.

Bheartaigh mé traen a fháil go Londain ó Holyhead, ach níorbh fhada a fuarthas uirthi go dtí gur chur cigire cairdiúil ticéad in iúil dom go raibh costas iomarcach ar fad ag baint leis an turas sin… d’íocas an méid ba lú agus amach linn beirt as an traen an chéad staisiúin eile; Bangor, na Breataine Bige… An lá dár gcionn fuarthas síob ordóige go Birmingham le fear seachadta paipéar nuachta. Ba as an tSile é agus chuir sé le fios dom gur tógadh le tuistí ón eite chlé é, agus go raibh sé féin gafa áit éigin idir díomá croí, buairt aigne agus dóchas réabhlóideach ag smaoineamh faoin todhchaí. Ní theastaíonn ó daoine ach rudaí bunúsacha simplí. Cén fáth, mar sin, go mbíonn sé comh deacair orthu? Gnáth rudaí, ar nós a bheith in ann pleanáil i dtreo na todhchaí — ní féidir é gan foinse rialta airgeadais, mar shampla. Anuas ar sin, le bheith in ann cothaíocht a sholathar duit féin — gan bacadh le teidlíochtaí ón stát ná le carthanas príobháideach — ní féidir praghas a ghearradh ar sin. Sroichim cathair Rugby le dhá síob eile, ceann amháin i gcúl gluaisteáin phóilín.Ná bí ag lorg síob ar na mórbhealaí, a mhac. — Ceart go leor, a dhuine uasail. Níor ghearradh pionós orm. Conas a bhainfaidh mé an Ghréig amach munar féidir liom an Bhreatain Mhór a thrasnú fiú?!

Dar liom gurb é Syriza an t-aon páirtí oifigiúil amháin san AE a gheallann dúinn go bhfuil modh eile in ann dúinn ar fad… Tá siad ag spreagadh daoine mórthimpeall na cruinne ceisteanna deacair, suimiúil a chumadh. Tá Podemos agus Sinn Féin le braith sa chúlra, cinnte — ach táimid uilig ag fánacht le feiscint cad a tharlóidh amach anseo sa Ghréig i dtosach. Suíonn ceannairí Syriza síos, áfach, le ceannairí eile na hEorpa, ag iarraidh réiteach a fháil ar fhadhb an easnaimh airgeadais — fadhb nach bhfuil réiteach ceaptha uirthi go fóill — agus is seafóid amháin a thagann as na gcruinnithe sin toisc go bhfuil sé socraithe roimh ré go leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar atá — an Troika ag dáileadh amach iasachtaí ar barr iasachtaí eile, le breis coinníollacha, ar ndóigh, ag gabháil lena chois — próiseas atá ag meath ‘s ag milleadh geilleagar na tíre, atá ag cur bac ar aisíoc na hiasachtaí, agus atá ag ligint d’eintitis príobháideach seilbh a ghlacadh ar achmhainní na tíre. An fiú a bheith mar bhall den Eoraip sin atá ag dúnadh doirse na samhlaíochta, doirse an daonlathais, an chaint réasúnta, an saorchomhrá agus an saorghníomh? Ar ndóigh, ní mór dúinn ar fad na doirse sin a bhrú ar oscailt…

Chun cathair Londan anois liom gan an t-uafás stró. Fanaim oíche amháin i dteach charad, agus síos liom go Dover an maidin dar gcionn in Oirdheisceart na tíre. Ansin, tagann deireadh leis an spraoí — níor éirigh liom síob a fháil trasna chun na Fraince ar bhád. Ní fuarthas síob an lá áirithe sin, ná an maidin i ndiaidh. Gan fios cad le déanamh, shiúil mé amach liom cois trá, pian sna cosa agam, mothúcháin cailte anuas orm, agus d’fhéach mé amach ar an bhfarraige gorm galánta a bhog ós mo chomhair amach — Calais sa Fhrainc ar an taobh eile de — agus tháinig deora chun mo shúile, géar fuadar fúm imeacht agus mé i bhfostú fós sa Bhreatain Mhór… An mbeadh orm casadh timpeall agus fill thar n-ais abhaile? Faoi dheireadh, in ionad trasnú ar bhád, bheartaigh mé triail a bhaint as síob a fháil ar an traen faoi thalamh — agus sar i bhfad stop bean álainn dom agus níorbh fhada go dtí go raibh muid ar fad slán ón traen ar an taobh eile den Mhuir nIocht, i gCalais.

Táim ag taistil thar trasna na Fraince agus mé i mbun scríobh anois — ag dul ó Chalais go Dunkirk agus ar aghaidh isteach sa Ghearmáin fiú ar bhord lorraí, an madra ag coladh go suamhnach in aice liom. Líonann mo chroí le háthas anois, áfach, agus mé ag macnaimh go mbeidh rath agam faoi deireadh thall. Taistíonn uaim an domhain a athrú, na réaltaí a bhlasadh; taistíonn uaim lonrú go geall gáireach nó a bheith plódaithe sa dorchadas go deo feasta. Táim leath slí chun cathair na hAithne cheana féin… Go tapaidh anois; éiríonn linn dul ó Mhünchen go Vín — fanaim in árasán álainn ansin ar feadh cupla lá le comhtaistealaí — ansin ar aghaidh feasta ó chathair Vín go Búdaipest ar an mórbhealach agus níos faide fós go Béalgrád le haon síob spleodrach amháin, sin an méid, an madra sínte amach i gcúl an ghluaisteáin, ceol ag béiceadh amach ós ard, rapcheol eachtrannach, ó Seirbia b’fhéidir — tír dhúchais an tiománaí — agus i ndiaidh sin, thar trasna tír talmhaíochta a dhúchais, thar trasna an Mhacadóin chomh maith — le dhá leoraí, dhá lá agus aon veain campála amháin — agus isteach linn, faoi dheireadh, sa Ghréig! Aon traen amháin ansin (theip orm síob a fháil) go cathair na hAithne agus amach linn beirt ón traen, ceannphointe an turas bainte amach againn. Dóchas, gliondar croí, neart agus fuinneamh. Ar imeall athrú mór, b’fhéidir…

Ach ní mar a shíltear a bhítear… In ionad teacht ar bhealaí nua, thángamar ar sean-bhallaí. Tá Syriza tar éis glacadh le pacáiste déine eile tar éis do fórmhór an phobail a leithéid a dhiúltú os ard ‘s go misniúil sa reifreann deireanach. Ní haon leigheas draíochta ar an scéal í an Grexit ach oiread. Ní fios cad le déanamh. Anois tá easpa aer sna scámhóga, éadóchas éigin, ach leanann an cogadh ar aghaidh, is dócha. Leanann gach rud ar aghaidh… Ar thugamar dóchas bréige do Syriza? Ar chreid muid ionainn féin dáirire? Buailim le cairde, labhraíonn muid le daoine mórthimpeall na háite. Táimid uilig sa bhád céanna. Ag iarraidh maireachtáil go beo bríomhar le céile, agus gan a bheith sáite i bhforéigean an easpa céille. Má tá athruithe móra le teacht, cé a mbainfidh tairbhe as na hathruithe sin? An athróimid muid féin, nó an leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar atá go tubaisteach ‘s go deo? Sin í an cheist. Agus tiocfaimid ar freagra na ceiste sin thar na seachtainí, na míonna, ‘s na blianta atá amach romhainn. Mar is gnáth — Hasta la victoria siempre.

Darragh Power

@Blackfish_Media

Chun scéal Darragh a léamh as Béarla, buail anseo.

To read the story of Darragh’s journey in English, click here.

Like what you read? Give Crisis a round of applause.

From a quick cheer to a standing ovation, clap to show how much you enjoyed this story.