ar son Comhluadar

go leor rí-rá agus ruaille-buaille déanta le déanaí maidir leis an reifreann ar chomhionannas pósta. Tugann sé deis dúinn smaoineamh faoin saghas sochaí ina mairimid. Cén dul chun cinn atá déanta againn mar sochaí le blianta anuas? Is léir go bhfuil níos mó tuiscint ag fórmhór mór againn agus meas á léiriú againn maidir le éagsúlacht, agus is deas sin a fheiceáil. Ach an é meas agus féin-aitheantais cuspóir ‘s sprioch-phointe ár gcumas gníomhaíochta polaitiúil? Deirtear gur daonlathas é seo ina mairimid, ach ní mhothaíonn sé mar sin de ghnáth. Fágtar ceisteanna tromchúiseach, mar shampla iad siúd a bhaineann le fadhbanna an ghéilleagair, amach ón gcomhrá poiblí mar riail. Déantar cinntí polatíochta go minic in ainm ‘an geilleagair’. Tá an tsféar polaitíochta inar féidir linn páirt dáirire a ghlacadh ann laghdaithe go mór mór sa lá atá inniu ann — baineann sé le haitheantas féiniúlachta agus mar sin de — agus is cosúil go bhfuil orainn glacadh leis an gcóras go mór mar atá sé.

Níl sé sin le rá, áfach, nach bhfuil tábhacht ag baint le cursaí féiniúlachta. Mar sin féin, ceapaim go bhfuil cás i bhfad níos láidre ag lucht an má aithnítear na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras liobrálach-daonlathach atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá daoine mórthimpeall na tíre tuirseach tinn den gcóras mar atá sé — agus ba chóir go mbeadh. Ach cé go bhfuil an rialtas, an lucht gnó, agus daoine eile móra le rá i bhfabhar bua an TÁ, ní chóir dúinn vótáíl ar a mhalairt treo chun pointe éigean polaitiúil a cur in iúl nó chun ár gcuid frustrachais a léiriú.

Tá daonlathas agus caipitleachas tar éis scarúint óna chéile, agus ní athreoidh an reifreann seo sin, slí amháin nó slí eile. Ní ghníomh réabhlóideach é votáíl NÍL. Ach is éacht réabhlóideach é comhluadair a chruthú agus a fhorbairt inar féidir linn brath ar a chéile agus dul i ngleic le fadhbanna móra an lae inniu ar scáth a gcéile. Sin é an t-aon slí dar liom a bhfeadfaimís athrú ceart a chur ar chursaí ginearálta sa tír seo — agus fiú amháin san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta mórthimpeall an domhain. Cruthaíonn cúinsí an 21ú Aois dúshláin dúinne ar fad — ó thaobh fadhbanna timpeallachta, eacnamaíochta, eiticeacha, srl. — dúshláin nach féidir linn réiteach a fháil orthu duine ar dhuine, nó fiú stát ar stát. De réir mar atá cúrsaí ag athrú, is mó an gá dúinn tosnú ag obair le céile chun domhan nua a chruthú a oireann dúinn.

Mar sin, is gá go mbeidh comhluadar láidir againn, rud éigin atá in easnamh in Éirinn atá sáinnithe i gcultúr ciúin tomhaltach. Más comhluadar sinn, caithfimid teacht le céile mar comhluadar, agus vótáil le céile — ní chun go mbeimid scartha óna chéile i réimse mór leathan d’ éagsúlachtaí — ach chun go mbeimid aontaithe i dtacaíocht lena céile i gcoinne fórsaí éagórach — mar is éagóir do gach aon duine dúinn más éagóir é d’aon duine amháin dúinn. Seasfaimis aontaithe; teipfimis scartha.

Céard í go díreach an coimhlint atá ar bun idir lucht an agus an NÍL? Feictear domsa go gceapann lucht an NÍL go bhfuileadar ag coinneáil srian ar cumhacht an eite clé, ar son tradisiún agus bród tíre agus in aghaidh an saghas socaí nua-aimseartha atá tar éis teacht chun cinn mórthimpeall orainn. Ní hionann gach éinne, agus cén fáth mar sin go ligfimis orainn gurb ionann? Cén fáth go gceapann lucht an go bhfuil luach faoi leith ag baint le comhionnannas? Dá mba rud é go raibh fir ‘s mná mar aon lena céile, ní bheadh dhá tearmaí ann chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Ach cé nach ionann atá siad, níl mná níos fearr ná fir, ná a mhalairt.

Meabhróinnse dóibh siúd atá a leithéid á cheapadh acu go bhfuil an reifreann seo faoi pósadh. Tá feidhm speisíalta eiticiúil ag baint le pósadh, agus ní hí tógáil cloinne an fheidhm sin. Má tharlaíonn sin nó muna dtarlaíonn sé, ní bhaineann sé le gné eiticúil ar bith den phósadh. Trí institúid an phósta, is féidir le daoine aonarach, neamhspleách, a bpearsa fhéin a leagadh síos chun gaol níos airde a chruthú go poiblí. Bristear amach ón saol indibhidiúlach — saol iomlán príomháideach agus subiachtiúil — agus déantar aonod eiticiúil amháin as beirt. Is ceart agus is cóir go mbeidh daoine fásta in ann tabhairt faoin íobairt sin as a stuaim agus saoirseacht féin. Votálaimis ar son comhluadar.

Le: DarraghDePaor/Blackfish_Media_Cooperative